
Curaclum
Aistear
Is creatchuraclam luath-óige do pháistí uile na hÉireann ó bhreith go sé bliana é Aistear. Tá faisnéis ann do dhaoine fásta chun cuidiú leo eispéiris thaitneamhacha dhúshlánacha a phleanáil agus a sholáthar, le go mbeidh gach páiste ina fhoghlaimeoir inniúil féinmhuiníneach agus caidrimh ghrámhara le daoine eile á gcothú aige. Le hAistear, déantar cur síos ar na cineálacha foghlama (meonta, luachanna agus dearcadh, scileanna, feasacht agus tuiscint) atá tábhachtach don pháiste i mblianta na luathóige, agus tá tuairimí agus moltaí ann maidir le conas an fhoghlaim seo a chothú.
Aistear is the curriculum framework for children from birth to six years in Ireland. It provides information for adults to help them plan for and provide enjoyable and challenging learning experiences, so that all children can grow and develop as competent and confident learners within loving relationships with others. Aistear describes the types of learning (dispositions, values and attitudes, skills, knowledge, and understanding) that are important for children in their early years, and offers ideas and suggestions as to how this learning might be nurtured.
Spórt agus Cúrsaí Folláine
Sport and Well-Being
Déanann na páistí corpoideachas agus damhsa gaelach. Is breá linn am a chaitheamh amuigh faoin aer – siúlóidí dúlra agus siúlóidí chuig an leabharlann áitiúil.
Tá páirtnéireacht idir Gaelscoil Laighean agus an Cumann Lúthcleas Gael agus baineann na páistí leas agus taitneamh as an gcóitseáil a cuirtear ar fáil dóibh ó Chlub Chill Mochuda na Crócaigh.
Children can enjoy physical education, yoga and Irish dancing. The children will enjoy the outdoors – nature walks and walks to the local library. Through our partnership with the local GAA the children have benefitted from coaching provided by the local Cill Mochuda GAA Club.
Ceol, Drámaíocht agus na hAmharcealaíon
The Arts
Cuireann an curaclam ar chumas páistí smaointe, mothúcháin agus eispéiris a chur in iúl go healaíonta trí mheán an cheoil, na drámaíochta agus na n-amharcealaíon. Tugtar túseolas do pháistí ar conas ceol a léamh agus a scríobh, amhráin a chanadh agus uirlisí ceoil ranga a sheinm.
Tugann an drámaíocht deis do gach uile pháiste a bheith rannpháirteach agus rathúil san fhoghlaim. Tógtar muinín na bpáistí agus cruthaítear draíocht.
Cuireann gníomhaíochtaí sna hamharcealaíona ar chumas na bpáistí ciall a bhaint as a ndomhan agus é a léiriú i bhfoirm infheicthe inbhraite.
Emphasis is given to creativity in music, art and drama. They learn through role-play and mini-plays. Drama has many benefits – it can awaken the imagination, build self-esteem and develop articulation. Activities in the visual arts enable children to make sense of their world and express it in a visible and tangible form
Dátheangachas
Bilingualism
Séard atá i gceist le dátheangachas ná dhá theanga a bheith ar do thoil agat. Beidh inniúlacht cainte sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ag páistí a fhreastalaíonn ar Ghaelscoil Laighean.
Léiríonn an taighde atá déanta ar oideachas dátheangach:
Go n-éiríonn níos fearr go hacadúil leis na páistí a théann tríd an gcóras
Go mbíonn sé níos éasca orthu teangacha eile a fhoghlaim
Go mbaineann siad marcanna níos fearr amach sa Bhéarla agus sa Mhatamaitic
Go mbíonn oscailteacht do chultúir eile acu.
Ilteangachas
Beidh an córas Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (‘FCÁT’/ Content & language integrated learning system, ‘CLIL’)a chur i bhfeidhm i nGaelscoil Laighean mar a dhéantar ar fud na hEorpa agus mar sin buntáistí breise a thabhairt dár daltaí.
Fís ó Chomhdháil 2017 an Foras Pátrúnachta https://youtu.be/wY07qDMGGtU
Bilingualism is defined as having the ability to speak two languages. Children who attend Gaelscoil Laighean will be proficient in both Irish and English.
Research on bilingual education shows that children who learn bilingually:
· Perform better academically
· Find it easier to learn other languages
· Achieve higher scores in English and Maths
· Are open to other cultures
Multilingualism
We will be implementing the ‘CLIL’ (Content & language integrated learning) system, as used across Europe, providing additional opportunities to our students in the long run.
Video from An Foras Pátrúnachta Conference 2017 https://youtu.be/wY07qDMGGtULearn More