Playground blocks.jpg

Ráiteas Físe

Is í aidhm Ghaelscoil Laighean ná suíomh oideachais a sholáthar ina spreagtar foghlaim agus forbairt an pháiste. Is bunscoil ilchreidmheach lán-Ghaeilge í atá ag freastail ar bhuachaillí agus ar chailíní.

Tá sé mar aidhm againn timpeallacht shuaimhneach a chruthú ina ndéantar cúram d’fhorbairt intleachtúil, fhisiciúil, chruthaitheach, chultúrtha, shóisialta agus mhothúchánach an pháiste. Curaclam páiste lárnach atá i bhfeidhm a aithníonn luach agus éagsúlacht gach páiste agus a chuireann ar a chumas an fhorbairt iomlán a dhéanamh mar pháiste, agus ina shaol sa tsochaí.

 

Aithníonn muid go sealbhaítear an teanga níos éifeachtaí agus níos taitneamhaí trí mheán an tumoideachais sna naíonáin.  Tá sé tábhachtach dúinn saoithiúlacht Ghaelach a chothú i nGaelscoil Laighean chun cur ar chumas na bpáistí meas agus tuiscint a bheith acu ar a bhféiniúlacht chultúrtha féin. Spreagtar suim i bhfoghlaim teangacha agus cultúir eile.

Cuirtear béim ar atmaisféar chomhoibritheach a chothú i measc pobal uile na scoile.

Is í an Ghaeilge teanga cumarsáide na scoile.

 
 
helpers copy.jpg

Éiteas na Scoile

Fáiltíonn an scoil roimh dhaltaí beag beann ar chreideamh, nó gan creideamh, agus léirítear meas ar chúlra sóisialta, cúltúrtha agus creideamh gach páiste. Leantar treorlínte an Fhoras Pátrúnachta agus déantar idirdhealú idir oideachas morálta/ creidimh agus teagasc ar reiligiún sainchreidmheach. Múintear an curaclam OSPS (Oideachas Sóisialta agus Pearsanta agus Sláinte) agus cuirtear aithne ar na mórfhéilte creidimh agus na reiligiúin dhomhanda leis an gclár ‘Croí na Scoile’. Tá sé mar aidhm ag an gcuraclam OSPS folláine, féinmhuinín agus braistint mhuintearais a chothú sna páistí; taispeáint do na páistí conas a bhth freagrach as rudaí a dhéanann siad féin; cabhrú le páistí bheith níos feasaí agus níos báúla leo féin trí chabhrú leo a gcuid mothúchán féin a bhainistiú, a mbuanna aonair a aithint agus a chothú, agus déileáil le hathruithe de chineálacha éagsúla; tacaíonn sé le páistí ionas go dtiocfaidh siad chun bheith ina saoránaigh ghníomhacha fhreagracha.