Ár Scoil / Our School
Ár Scoil
Is bunscoil comhoideachais í Gaelscoil Laighean a bhfuil oideachas iomlán an pháiste trí mheán na Gaeilge mar phríomhaidhm aici. Tá an scoil faoi phátrúnacht Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge, agus feidhmíonn an scoil faoi ghnáth rialacha na Roinne Oideachais agus Scileanna.
Curaclam páiste lárnach atá i bhfeidhm a aithníonn luach agus éagsúlacht gach páiste agus a chuireann ar a chumas an fhorbairt iomlán is dual dó/di a dhéanamh mar pháiste, agus ina shaol sa tsochaí.
Tá sé mar aidhm againn timpeallacht shuaimhneach a chruthú ina ndéantar cúram d’fhorbairt intleachtúil, fhisiciúil, chultúrtha, shóisialta agus mhothúchánach an pháiste. Spreagtar páistí i ngach gné den chultúr gaelach—teanga, cluichí, ceol, damhsa agus traidisiúin. Tá rannpháirtíocht agus tacaíocht na dtuismitheoirí mar chuid thábhachtach de shaol na scoile.
Is scoil forbartha í Gaelscoil Laighean, ciallaíonn sé seo go gcuireann an scoil rang nua leis gach bliain – suas go rang a 6. Tá Naíonáin Bheaga suas go rang a 6 againn i mbliana. Tosaíonn an lá scoile ag 8:30am agus críochnaíonn na Naíonáin (ranganna na naíonán) ag 1:10pm ach amháin sa chéad choicís ach amháin nuair a chríochnaíonn Naíonáin Bheaga ag 11:30am agus críochnaíonn Rang 1 - Rang 6 ag 2.10pm.
Our School
Gaelscoil Laighean is a primary co-educational school whose main aim is to fully educate the child through the medium of Irish. The school is under the patronage of An Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge, the umbrella managerial structure for all-Irish schools, and functions in accordance with the rules of the Department of Education and Skills.
A child centred curriculum is in place which recognises the value and uniqueness of each child and where everyone is encouraged to develop to their full potential. We strive to provide a peaceful, caring environment in which all aspects of the pupil: intellectual, physical, cultural, social and emotional development are nurtured. We encourage the children to participate in every aspect of our Irish culture — language, games, music, dance and traditions. Parental participation and support is an important aspect of school life.
Gaelscoil Laighean is a developing school, this means each year the school adds a new class, up to 6th class. This year have Junior Infants up to 6th class. The school day commences at 8:30am and the Naíonáin (infant classes) finish at 1:10pm except for the first fortnight only when Junior Infants finish ag 11:30am and Rang 1 - Rang 6 finish at 2.10pm.
Ár bPátrún
An Foras Pátrúnachta
Tá Gaelscoil Laighean faoi phátrúnacht An Fhorais Phátrúnachta, an comhlacht pátrúnachta is mó d'iar-bhunscoileanna agus de bhunscoileanna lán-Ghaeilge in Éirinn. Tacaíonn An Foras Pátrúnachta le hoideachas lán-Ghaeilge den scoth agus cuireann sé chun cinn é, agus ag an am céanna tugann sé meas agus fáilte d'ilchineálacht shochaí na hÉireann sa lá atá inniu ann.
Cad a Dhéanann Pátrún?
Tacú le héiteas agus le fís na scoile.
Oibriú i gcomhar le pobal na scoile chun dea-rialachas a chinntiú.
Tacú le forbairt an oideachais lán-Ghaeilge.
Cabhrú lena chinntiú go bhfeidhmíonn an scoil de réir reachtaíocht náisiúnta an oideachais.
Tuilleadh Eolais
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi An Foras Pátrúnachta, tabhair cuairt ar: https://www.foras.ie
Our Patron
An Foras Pátrúnachta
Gaelscoil Laighean is under the patronage of An Foras Pátrúnachta, the largest patron body of Irish-medium schools in Ireland. An Foras Pátrúnachta supports and promotes high-quality Irish-medium education while respecting and welcoming the diversity of modern Irish society.
What Does a Patron Do?
Supports the ethos and vision of the school.
Works with the school community to ensure good governance.
Supports the development of Irish-medium education.
Helps ensure the school operates in accordance with national education legislation.
Learn More
For further information about An Foras Pátrúnachta, please visit: https://www.foras.ie

