Ár Scoil / Our School

Ár Scoil

Is bunscoil comhoideachais í Gaelscoil Laighean a bhfuil oideachas iomlán an pháiste trí mheán na Gaeilge mar phríomhaidhm aici. Tá an scoil faoi phátrúnacht Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge, agus feidhmíonn an scoil faoi ghnáth rialacha na Roinne Oideachais agus Scileanna.

Curaclam páiste lárnach atá i bhfeidhm a aithníonn luach agus éagsúlacht gach páiste agus a chuireann ar a chumas an fhorbairt iomlán is dual dó/di a dhéanamh mar pháiste, agus ina shaol sa tsochaí.

Tá sé mar aidhm againn timpeallacht shuaimhneach a chruthú ina ndéantar cúram d’fhorbairt intleachtúil, fhisiciúil, chultúrtha, shóisialta agus mhothúchánach an pháiste. Spreagtar páistí i ngach gné den chultúr gaelach—teanga, cluichí, ceol, damhsa agus traidisiúin. Tá rannpháirtíocht agus tacaíocht na dtuismitheoirí mar chuid thábhachtach de shaol na scoile.

Is scoil forbartha í Gaelscoil Laighean, ciallaíonn sé seo go gcuireann an scoil rang nua leis gach bliain – suas go rang a 6. Tá Naíonáin Bheaga againn suas go rang a 4. Tosaíonn an lá scoile ag 8:30am agus críochnaíonn na Naíonáin (ranganna na naíonán) ag 1:10pm ach amháin sa chéad choicís ach amháin nuair a chríochnaíonn Naíonáin Bheaga ag 11:30am agus críochnaíonn Rang 1 - Rang 5 ag 2.10pm.

Our School

Gaelscoil Laighean is a primary co-educational school whose main aim is to fully educate the child through the medium of Irish. The school is under the patronage of An Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge, the umbrella managerial structure for all-Irish schools, and functions in accordance with the rules of the Department of Education and Skills.

A child centred curriculum is in place which recognises the value and uniqueness of each child and where everyone is encouraged to develop to their full potential. We strive to provide a peaceful, caring environment in which all aspects of the pupil: intellectual, physical, cultural, social and emotional development are nurtured. We encourage the children to participate in every aspect of our Irish culture — language, games, music, dance and traditions. Parental participation and support is an important aspect of school life.

Gaelscoil Laighean is a developing school, this means each year the school adds a new class , up to 6th class. We currenlty have Junior Infants up to 4th class. The school day commences at 8:30am and the Naíonáin (infant classes) finish at 1:10pm except for the first fortnight only when Junior Infants finish ag 11:30am and Rang 1 - Rang 5 finish at 2.10pm.